Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint
Is Réimse Foghlama i gcuraclam na bunscoile Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint (FPC). Dírítear ar fhorbairt mhothúchánach agus shóisialta na bpáistí a chothú, ar mhuinín, neamhspleáchas agus feasacht ar shláinte agus sábháilteacht a spreagadh, agus ar smaointeoireacht agus luachanna morálta na bpáistí a fhorbairt.
Ba chóir do mhúinteoirí páistí a chumasú le heolas, tuiscint agus scileanna a fhorbairt in dhá shnáithe nasctha:
- Tuiscint Phearsanta agus Sláinte
- Comhthuiscint sa Phobal Áitiúil agus sa Mhórphobal
Baineann an chéad snáithe le mórcheisteanna pearsanta agus mothúchánacha, agus le cúrsaí sláinte, folláine agus sábháilteachta. Baineann an dara snáithe le caidreamh pearsanta agus sóisialta agus leis an ghá atá le caoinfhulaingt agus meas.
Ba chóir do mhúinteoirí foghlaim na bpáistí a nascadh trasna na snáitheanna, agus na heochairghnéithe atá mar bhonn faoi chuspóirí an churaclaim a leabú. Fágfaidh sé sin go mbeidh tuiscint níos fearr ag na páistí ar a n-eispéiris ar scoil agus sa domhan thart orthu, agus go dtuigfidh siad ábharthacht na n-eispéireas sin.
Spreagann FPC páistí le bheith éifeachtach ar bhonn pearsanta, mothúchánach agus sóisialta. Spreagann sé iad le saol sláintiúil, sábháilte, torthúil a bheith acu agus le bheith muiníneach, neamhspleách agus freagrach mar shaoránaigh agus roghanna agus cinntí eolasacha freagracha a dhéanamh ar feadh a saoil.
Ba chóir deiseanna a bheith ag páistí mórcheisteanna a fhiosrú dóibh féin, réitigh a mholadh agus cinntí a dhéanamh bunaithe ar a bhfuil foghlamtha acu. Cuidíonn sin leo luachanna agus dearcthaí dearfacha a fhorbairt go nádúrtha.
Le tuilleadh sonraí a fháil, féach na Riachtanais Reachtúla maidir le Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint ag Eochairchéim 1 agus ag Eochairchéim 2.
Cuireann an Réimse Foghlama seo ar a gcumas do pháistí meas a léiriú ar dhaoine eile agus cosúlachtaí agus éagsúlachtaí sa phobal a fhiosrú. Mar sin de, is dóigh an-éifeachtach é le hOideachas Comhroinnte i gcomhpháirtíochtaí scoile a leabú. Féach Sharing Works: A Policy for Shared Education ón Roinn Oideachais le tuilleadh eolais a fháil.
Scileanna agus Ábaltachtaí an Churaclaim Iomláin
Caithfidh deiseanna a bheith ag páistí na Scileanna Traschuraclaim (Cumarsáid, Úsáid na Matamaitice agus Úsáid TFC) agus na Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta a fhorbairt trí FPC.
Áiseanna
Period Dignity
The accessibility and availability of essential care needed to support a period, in conjunction with the breaking of stigma and taboo around period
EC1&2EC3EC4I16SROBéarlaGAonaid Théamacha
Tá gníomhaíochtaí foghlama agus teagaisc sna haonaid théamacha le cuidiú le múinteoirí gnéithe de Churaclam Thuaisceart Éireann a chlúdach trí thop
EC1&2GINGMaireachtáil. Foghlaim. Le Chéile.
Tá seacht n-aonad, ceann do gach bliainghrúpa sa bhunscoil, san áis chuimsitheach teagaisc seo.
BCEC1&2GINGCuraclam Thuaisceart Éireann Bunscolaíocht (Gaelscolaíocht)
Curaclam Thuaisceart Éireann Bunscolaíocht (Gaelscolaíocht)
BCEC1&2GINGMórphictiúr an Churaclaim don Bhunscolaíocht
Mórphictiúr an Churaclaim don Bhunscolaíocht
BCEC1&2GINGHandling Data and the Northern Ireland Census
This resource uses free census data to develop learner skills in Mathematics and Numeracy (Handling Data and Processes in Mathematics) with links t
BCEC1&2GINBéarlaGSupporting the Curriculum and Assessment in 2021/22
The curriculum offers flexibility and specifies a minimum entitlement for all pupils.
BCEC1&2EC3EC4I16SROBéarlaGWellbeing Hub
This Wellbeing Hub shows how the Northern Ireland Curriculum promotes the learning and development of skills that support pupils’ wellbeing and men
BCEC1&2EC3EC4I16SROBéarlaGPDMU Guidance Booklet
The Personal Development and Mutual Understanding for Key Stages 1 and 2 guidance booklet explains what PDMU is and why it is important, describing
EC1&2GINBéarlaGUNCRC Resource Hub
CCEA and the Northern Ireland Commissioner for Children and Young People (NICCY) have partnered
EC1&2EC3GINBéarlaGPDMU Progression Grids
PDMU progression grids are designed to give schools a whole school or key stage overview, which can help curriculum leaders to implement PDMU succe
RSBCEC1&2GINBéarlaGDrugs Education: Revised Guidance
CCEA, the Council for the Curriculum, Examinations and Assessments, has published revised guidance on Drugs Education to primary and post-primary s
EC1&2EC3EC4GINBéarlaGRelationships and Sexuality Education Guidance: Primary
CCEA, the Council for the Curriculum, Examinations and Assessments, has published revised guidance on Relationships and Sexuality Education (RSE) t
EC1&2GINBéarlaGLiving. Learning. Together. Visiting Churches
Visiting Churches aims to give one example of how two schools, representing both the controlled and maintained sectors, organised a visit by Year 5
EC1&2GINBéarlaGStepping Out
This resource contains material for teachers and play leaders working with young children (5-9 years). It aims to encourage...
BCEC1&2GINBéarlaGRelationships and Sexuality Education (RSE)
The RSE Hub provides access to a range of up‐to‐date, relevant resources and sources of support for this area of the curriculum.
EC1&2EC3EC4I16GINBéarlaG
Déan Teagmháil Linn
Le tuilleadh eolais a fháil maidir le Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint, déan teagmháil le: